Email: info@clprint.ie
Eastát Tionsclaíochta, Casla, Co. na Gaillmhe,
H91 T274 Tel: 091 506597
Cearnóg Nua, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe,
H91 V564 Tel: 091 556493
Clóbhualadh Ginearálta
Déanann muid priontáil dhigiteach agus liteagrafach. Mar shampla:
• Stáiseanóireacht agus Leabhair NCR (Sonraisc/Admhálacha, &rl.)
• Bróisiúir
• Bileoga
• Póstaeir
• Biachláir
• Cártaí Cuimhneacháin
• Fillteáin le haghaidh Taispeáintais
• Leabhair agus Leabhráin
• Tuarascálacha Bliantúla
• Féilirí
• Preabsheastáin & Seastáin Níos Mó Arís
• Comharthaí Alúmanam/Corriboard
• Graificí Fuinneoige/Feithicle
• Comharthaí Sráide
Printeáil Earraí Ollmhóra
Tá muid in ann rudaí fíor-mhór a phriontáil - suas go 1.3m ar leithead (breis agus 4
throigh) agus chomh fada le leoraí.
Má bhíonn tú ag iarradh dul i bhfeidhm go mór ar chustaiméirí, is féidir linn
comharthaí agus póstaeirí a phriontáil atá feiliúnach le haghaidh fuinneoga, seastáin
don taobh istigh agus don taobh amuigh, póstaeir fógraíochta, preabsheastáin beag
agus mór, gearrthéarmach agus fadtéarmach.
Is féidir linn veain beag nó lorraí mór a chlúdach le Sínscríobhnóireacht Feithicle a
bheadh le feiceáil fud fad na tíre. Is féidir linn na grianghraif is deise leat a chur ar
chanbhás fiú.
Dearadh Grafaicí
Tá dearthóirí grafaice againn le taithí fada. Tá siad ar fad gairmiúil agus cúntach agus
agus tá seirbhís as Gaeilge ar fáil i gCasla. Leanann siad treoracha chustaiméirí nó
molann siad bealaí le rudaí a dhéanamh dóibh siúd nach bhfuil tuiscint mhaith acu.
Spreagann siad custaiméirí lena riachtanais agus a gcuid smaointe a phlé leo chun go
bhfaighidh siad torthaí a oireann iad. Cothaítear caidreamh maith mar sin, agus is
minic a bhíonn siad ag obair go dlúth le custaiméirí ar thograí éagsúla.
Praghsáil
Tá bogearra saincheaptha suas chun dáta againn le luachan a chur ar fáil. Tá muid in
ann, dá bhrí sin, iarrataisí ar luachan a fhreagairt go sciobtha. Faigheann an chuid is
mó custaiméirí freagra ar an bpoinnte mar go mbíonn fáil ar an duine is inniúla atá in
ann déileáil leis an ábhar. Is é polasaí an cuideachta, nuair a thugtar dáta seachadta do
chustaiméir go mbeadh sé cruinn. Sa gcás nach féidir an sprioc sin a bhaint amach de
bharr fáth nach bhfuil smacht againn air, insíonn muid don chustaiméir ar an bpoinnte
agus déanann muid réiteach difriúil. Ní dhéanann muid geallúintí bréagacha dár
gcustaiméirí. Nuair is gá agus is féidir, cuireann muid seirbhís ar fáil in imeacht
sciobtha ama.
Teagmháil